Slí Cholmcille

Faigh amach faoi Cholmcille – an naomh Éireannach a d’ardaigh a sheol as Doire lena mhainistir a bhunú ar Oileán Í na hAlban.

As Oileán Í chraobhscaoil Colm Cille agus a lucht leanta scéal na Críostaíochta chuig a lán áiteanna in Albain agus in Éirinn.

Fuair Colm Cille bás sa bhliain 597, agus táthar ag insint scéalta faoi agus faoina lucht leanta ó shin. Tá oilithrigh ag tabhairt cuairte leis na céadta bliain ar áiteanna a bhaineann leis an naomh.

Lean Slí Cholmcille go hÉirinn agus go hAlbain chun foghlaim faoi bheatha agus faoi sheanchas an fhir seo a bhfuil iomrá leitheadach buan air.

Colmcille leaves Ireland in a wee boat. © Rodbod