4.2 Eaglais Naomh Agaistín

Is áit álainn shuaimhneach í Eaglais Naomh Agaistín ar bhallaí na cathrach, agus ón Cháisc go deireadh mhí Mheán Fómhair osclaíonn pobal na heaglaise í le linn an lae le fáilte a chur roimh chuairteoirí. Tugann taighde sa lá atá inniu ann le fios go bhfuil Eaglais Naomh Agaistín ar an láthair, nó gar di, ar a raibh an chéad eaglais de chuid na mainistreach, an dúreigléas.

Dar leis na Beathaí a scríobhadh sa 12ú haois agus sa 16ú haois, thug rí a cheantair dúchais Aodh Mac Ainmhire, talamh do Cholmcille ag Daire Calgach, mar a bhféadfadh sé mainistir a bhunú.

Le ‘saothar fhir an tsaoil’ a ghlanadh den talamh mar ullmhúchán dá mhainistir las Colmcille tine. Spréigh an tine agus dóbair gur scriosadh coillín darach. Ghuigh Colmcille leis na crainn a chosaint agus sábháladh iad.

I mBeatha Cholm Cille a scríobhadh sa mhainistir sa 12ú haois tá an dán seo a leanas:

Is aire charaim Doire
Ar a réide, ar a gloine
Ar is lomlán aingel finn
Ón chinn co n-ice ar-oile

Seo an fáth a ngráim Doire
Tá sí chomh réidh, chomh glan
Óir is lomlán d’aingeal fionn é
Ó cheann go ceann.

Téann ainm Eaglais Naomh Agaistín siar go dtí an t-am a ndeachaigh manaigh mhainistir Cholmcille isteach san Ord Agaistíneach sa 12ú haois nó sa 13ú haois. Sa 17ú haois a tógadh ar dtús an eaglais atá anois ann, ach atógadh í san 18ú haois agus sa 19ú haois.

 

le dul ann

Eaglais Naomh Agaistín suite ar an taobh thiar de bhallaí na cathrach agus tú ag dreapadh suas an cnoc feadh Shráid Magazine.

Bíonn an eaglais oscailte le haghaidh cuairteoirí ón Cháisc go dtí Deireadh Fómhair Luan-Satharn 10rn-4in agus ar an Domhnach chomh maith le haghaidh seirbhísí.


 
   
  • Cearnóg Halla na Cathrach
     

    4.1 Cearnóg Halla na Cathrach, Port na Long

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is féidir gurb í Eaglais Naomh Agaistín an suíomh a bhí ag mainistir Cholm Cille a bunaíodh i nDoire ag deireadh na 6ú haoise.

  • Áras Cholmcille
     

    4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach.

  • Eaglais an Tùir Fhada
     

    4.4 Eaglais an Tùir Fhada

    Tógadh an eaglais Chaitliceach seo gar do dhá shainchomhartha Chríostaí i nDoire. Bhí cloigtheach mhainistir Dhoire in aice leis seo go dtí an 17ú haois agus ba mar gheall air sin a fuair Eaglais an Túir Fhada a hainm.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.5 Tobar Cholm Cille

    Tá an tobar naofa seo mar fhócas don cheiliúradh ar an 9ú Meitheamh – Lá Fhéile Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Idir 1628 agus 1633 a tógadh ardeaglais Eaglais na hÉireann Cholm Cille. Ainneoin go bhfuil stair lonnaíochta fhada ag baint leis an cheantar seo, is é seo an foirgneamh is ársa dá bhfuil ar marthain i nDoire.