4.3 Áras Cholmcille

Áras Cholmcille © Tourism NI

Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach. Tá taispeántais fuaime agus físe ann agus rudaí le feiceáil agus le láimhseáil, chomh maith le háiseanna do chuairteoirí, ina mesac an caifé.

Dála Eaglais an Túir Fhada, tá Áras Cholmcille ar an láthair, nó gar di, ar a raibh an Teampall Mór sa 12ú haois.

Ba ghnáth tús a chur ar an an oilithreacht sa mheánaois ag an tseanché, agus bhí a chríoch cóngarach don Teampall Mór, ag áit ar a dtugtaí An tIompú Deiseal, an tiontú ar dheis. Bhí sé creidte gur thaispeáin Críost é féin do Cholmcille anseo i gcumraíodh duine déirce.

Áras Cholmcille suite i seanteach scoile a tógadh in 1813. Ba é seo St Columba’s National School, a raibh an “Wee Nuns’ School” mar ainm ceana ag muintir na háite uirthi.

 

le dul ann

Ó Eaglais Naomh Agaistín, siúil ar bhalla na cathrach suas an cnoc go Geata an Easpaig. Gabh síos na céimeanna agus ar shiúl ó na ballaí ar Sráid an Easpaig Amuigh. Chun na céimeanna a sheachaint, cas ar chlé roimh Ionad na nEalaíon béil, agus gabh amach trí Gheata an Easpaig ar Shráid an Easpaig Amuigh. Lean an tráid seo, cas ar dheis ag an tríú sráid, Sráid an Túir Fhada agus lean an comhartha go dtí Áras Cholmcille.

tuilleadh eolais…


 
   
  • Cearnóg Halla na Cathrach
     

    4.1 Cearnóg Halla na Cathrach, Port na Long

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is féidir gurb í Eaglais Naomh Agaistín an suíomh a bhí ag mainistir Cholm Cille a bunaíodh i nDoire ag deireadh na 6ú haoise.

  • Áras Cholmcille
     

    4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach.

  • Eaglais an Tùir Fhada
     

    4.4 Eaglais an Tùir Fhada

    Tógadh an eaglais Chaitliceach seo gar do dhá shainchomhartha Chríostaí i nDoire. Bhí cloigtheach mhainistir Dhoire in aice leis seo go dtí an 17ú haois agus ba mar gheall air sin a fuair Eaglais an Túir Fhada a hainm.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.5 Tobar Cholm Cille

    Tá an tobar naofa seo mar fhócas don cheiliúradh ar an 9ú Meitheamh – Lá Fhéile Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Idir 1628 agus 1633 a tógadh ardeaglais Eaglais na hÉireann Cholm Cille. Ainneoin go bhfuil stair lonnaíochta fhada ag baint leis an cheantar seo, is é seo an foirgneamh is ársa dá bhfuil ar marthain i nDoire.