4.4 Eaglais an Túir Fhada

interior long tower church © Eaglais Naomh Colmcille, An Túr Fada

Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil Eaglais an Túir Fhada (dála Eaglais Naomh Agaistín agus Áras Cholmcille) taobh istigh den talamh ar a raibh compal mhainistir Dhoire sa mheánaois. Faigheann sí a hainm ó chloigtheach a bhí anseo go dtí an 17ú haois.Bhí an cloigtheach in aice leis an Teampall Mór a bhí ina ábhar iontais lena linn nuair a tógadh í in 1163.

Scríobhadh Beatha Cholmcille i nGaeilge i nDoire idir 1150 agus 1182. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn. Tá cuntas sa Bheatha ar shaol an naoimh agus an t-aistear a chuirtear síos dó timpeall na hÉireann agus é ag bunú eaglaisí agus mainistreacha. Maítear sa chuntas seo agus i gcuntais eile gur bhunaigh Colmcille mainistreacha in áiteanna mar Mhaoin i gContae Chill Dara, Sord i gContae Bhaile Átha Cliath agus Ceanannas i gContae na Mí. Sa tréimhse seo fuair Doire ceannas ar eaglaisí uile Cholm Cille in Éirinn.

Cé gur chuir ionradh na Normannach isteach ar thionchar na mainistreach, bhí sí ann ar fad go deireadh an 16ú haois, agus ardeaglais a bhí sa Teampall Mór sa mheánaois. Scriosadh an foirgneamh seo i bpléascadh in 1567 nuair a bhí saighdiúirí Sasanacha á húsáid mar stóras púdair gunna.

Tógadh Eaglais Cholmcille, an Túr Fada, in 1784, agus thug Caitlicigh agus Protastúnaigh araon airgead ar a son. Sa 19ú haois bhí scéal Cholmcille go fóill ag imirt tionchair ar chruth na cathrach agus ar a foirgnimh phoiblí. I ndeireadh an 19ú haois agus i dtús an 20ú haois mhéadaigh agus d’athraigh an tAthair Willie Doherty an eaglais, ag déanamh di Teampall Mór nua. I ngloine dhaite na bhfuinneoga, sna mósáicí ar urlár na heaglaise agus os cionn an phríomhdhorais, tá nasc idir an eaglais agus Colmcille agus bunú mhainistir Dhoire.

Taobh amuigh den eaglais tá ballán suite i mballa faoi radharc calvaire. I mballáin bíonn cuas nó dhó ina mbíonn uisce coisricthe.

Cuireadh an chloch isteach anseo ar 9ú Meitheamh 1898 – féile an Naoimh. D’aistrigh an tAthair William Doherty é ón áit a raibh sé, in aice le Tobar Cholmcille, an bhliain roimhe sin.

Derry long tower font © Alan Sproull
 

le dul ann

Ó Eaglais Naomh Agaistín siúil suas an cnoc feadh bhallaí na cathrach agus thart chuig Geata an Easpaig.

Gabh síos an staighre agus ar shiúl ó na ballaí ar Shráid an Easpaig Amuigh. Agus tú ag siúl ar an bhóthar seo, glac an dara casadh ar dheis chuig Sráid an Túir Fhada agus lean an cuaille eolais chuig Eaglais an Túir Fhada.

tuilleadh eolais…


 
   
  • Cearnóg Halla na Cathrach
     

    4.1 Cearnóg Halla na Cathrach, Port na Long

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is féidir gurb í Eaglais Naomh Agaistín an suíomh a bhí ag mainistir Cholm Cille a bunaíodh i nDoire ag deireadh na 6ú haoise.

  • Áras Cholmcille
     

    4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach.

  • Eaglais an Tùir Fhada
     

    4.4 Eaglais an Tùir Fhada

    Tógadh an eaglais Chaitliceach seo gar do dhá shainchomhartha Chríostaí i nDoire. Bhí cloigtheach mhainistir Dhoire in aice leis seo go dtí an 17ú haois agus ba mar gheall air sin a fuair Eaglais an Túir Fhada a hainm.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.5 Tobar Cholm Cille

    Tá an tobar naofa seo mar fhócas don cheiliúradh ar an 9ú Meitheamh – Lá Fhéile Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Idir 1628 agus 1633 a tógadh ardeaglais Eaglais na hÉireann Cholm Cille. Ainneoin go bhfuil stair lonnaíochta fhada ag baint leis an cheantar seo, is é seo an foirgneamh is ársa dá bhfuil ar marthain i nDoire.