4.5 Tobar Cholmcille

st Columbas well Alan Sproull

Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann daoine buidéil leis an uisce lena thabhairt abhaile. Deirtear go bhfuil leigheas san uisce ar ghalair, go háirithe galair na súl.

Tá an tobar beannaithe seo ag croílár an cheiliúrtha ar an 9 Meitheamh, féile Cholmcille. Tagann mórshiúl anuas an cnoc ó Eaglais an Túir Fhada agus beannaítear an tobar. Agraíonn an sagart cosaint ar lucht leanta Cholmcille ‘a shiúlann mar ar shiúil seisean, a ghuíonn mar ar ghuigh seisean’. Líonann daoine buidéil leis an uisce lena thabhairt abhaile. Deirtear go bhfuil leigheas san uisce ar ghalair, go háirithe galair na súl.

Sa Bheatha Cholmcille ag Mánus Ó Dónaill, tugadh leanbh i láthair Cholmcille lena bhaisteadh, ach ní raibh aon uisce in aice láimhe. Mar sin, ghearr an naomh comhartha na croise ar an chloich agus tháinig tobar uisce aisti. “Coillín de chrainn darach” an chiall atá leis an fhocal Doire. Ar an 9 Meitheamh cuirtear duilleoga darach mar mhaisiú ar an tobar agus caitheann oilithrigh duilleog darach ar a gcuid éadaigh.

Sa mheánaois bhí trí thobar anseo in ómós do Cholmcille, Adhamhnán (comharba Cholmcille mar Ab ar Oileán Í agus a bheathaisnéisí), agus Naomh Martán Tours. Tá ballán a bhí anseo tráth le feiceáil ag Eaglais an Túir Fhada.

In 1897 a cuireadh an caidéal ornáideach isteach. Ag an am sin ba é an phríomhfhoinse uisce do na tithe a bhí ar shleasa an chnoic seo faoi bhallaí na cathrach.

Tá an tobar i measc tithe aon stóir i sraith ar a dtugtar Toibreacha Cholmcille. Is féidir é a bhaint amach ach dul suas na céimeanna ag taobh Áras Cholmcille. Féadann cuairteoirí chuig an tobar dul bealach Shráid Fhathna chomh maith, trí Gheata na mBúistéirí ar Shráid na hArmlainne. Is féidir dul ar ais bealach Shráid Fhathna agus Gheata na mBúisteoirí chomh maith go hArdeaglais Cholmcille nó le filleadh ar thúsphointe an turais.

 

le dul ann

Agus tú ar do bhealach ar ais chuig ballaí na cathrach ó Eaglais an Túir Fhada, tiontaigh ar chlé ar Shráid an Easpaig Amuigh – go díreach roimh na ballaí – isteach ar Shráid Nailor.

Is féidir leanúint ort ar Rae Nailor go bun an chnoic agus tiontú ar dheis feadh Bhóthar Lecky nó siúl anonn na ‘claonáin’ – limistéar féir faoi bhun bhallaí na cathrach – i dtreo sraithe de thithe bána ar an taobh abhus den phríomhbhóthar.

Tá an tobar i measc na dtithe seo, sa tsraith ar a dtugtar Tobar Cholmcille.

tuilleadh eolais…


 
   
  • Cearnóg Halla na Cathrach
     

    4.1 Cearnóg Halla na Cathrach, Port na Long

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is féidir gurb í Eaglais Naomh Agaistín an suíomh a bhí ag mainistir Cholm Cille a bunaíodh i nDoire ag deireadh na 6ú haoise.

  • Áras Cholmcille
     

    4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach.

  • Eaglais an Tùir Fhada
     

    4.4 Eaglais an Tùir Fhada

    Tógadh an eaglais Chaitliceach seo gar do dhá shainchomhartha Chríostaí i nDoire. Bhí cloigtheach mhainistir Dhoire in aice leis seo go dtí an 17ú haois agus ba mar gheall air sin a fuair Eaglais an Túir Fhada a hainm.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.5 Tobar Cholm Cille

    Tá an tobar naofa seo mar fhócas don cheiliúradh ar an 9ú Meitheamh – Lá Fhéile Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Idir 1628 agus 1633 a tógadh ardeaglais Eaglais na hÉireann Cholm Cille. Ainneoin go bhfuil stair lonnaíochta fhada ag baint leis an cheantar seo, is é seo an foirgneamh is ársa dá bhfuil ar marthain i nDoire.