4.6 Ardeaglais Cholm Cille

Tógadh Ardeaglais Cholmcille, de chuid Eaglais na hÉireann idir 1628 agus 1633. Tá sé ionann agus cinnte go bhfuil sí ar an láthair, nó gar di, ar a raibh clochar Cistéirseach atá le feiceáil ar léarscáileanna timpeall 1600. Ainneoin go raibh cónaí i nDoire i bhfad siar sa stair, is í seo an foirgneamh is sine dá maireann sa chathair. Rinneadh an ardeaglais a fhairsingiú agus a athrú agus le deireanaas , rinneadh athchóiriú mór uirthi.

Derry st Columns cathedral Alan Sproull

Ba í seo an chéad ardeaglais Anglacánach a tógadh sna hoileáin seo ó bhí an Rifirméisean ann. Tá an chloch tiomnaithe in ómós do thógáil na hardeaglaise taobh istigh den doras thiar. Cuimhnítear léi muintir chathair Londain a d’íoc as an Ardeaglais,

If stones could speake
Then Londons prayse should sounde
Who built this church and cittie
From the grounde

Greamaithe isteach sa chloch seo tá cloch níos lú agus níos sine. Deirtear gur tháinig sí seo ón Teampall Mór, ardeaglais Dhoire sa Mheánaois.

Tá fuinneog dhaite i gcuimhne Cholmcille suite sa chúinne thoir theas i Séipéal an Ardeaspaig Alexander. Ba í Cecil Frances Alexander a bhean chéile. Is fearr aithne uirthi mar fhile agus mar chumadóir iomann agus cearúl mar Once in Royal David’s City, agus There is a Green Hill Far Away. Scríobh sí iomann do naomhphátrún na cathrach chomh maith.

 

le dul ann

Le dul go hArdeaglais Cholmcille ó Thobar Cholmcille siúil suas Sráid Fhathna agus téigh trí Gheata na mBúisteoirí i mballaí na cathrach. Téigh tríd an Diamant agus tiontaigh ar dheis isteach i Sráid an Easpaig Istigh agus tiontaigh isteach díreach roimh Theach na Cúirte.

Le dul go hArdeaglais Cholmcille ó Áras Cholmcille téigh trí Gheata an Easpaig i mballaí na cathrach. Siúil síos Sráid an Easpaig Istigh agus tiontaigh isteach i ndiaidh Theach na Cúirte.

tuilleadh eolais...


 
   
  • Cearnóg Halla na Cathrach
     

    4.1 Cearnóg Halla na Cathrach, Port na Long

    Sa mheánaois bhí ‘Port na Long’ san áit a bhfuil Cearnóg Halla na Cathrach anois.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.2 Eaglais Naomh Agaistín

    Is féidir gurb í Eaglais Naomh Agaistín an suíomh a bhí ag mainistir Cholm Cille a bunaíodh i nDoire ag deireadh na 6ú haoise.

  • Áras Cholmcille
     

    4.3 Áras Cholmcille

    Tá Áras Cholmcille ar thalamh Eaglais an Túir Fhada. Áit ar dóigh atá ann le léargas a fháil ar scéalta Cholmcille, naomhphátrún agus na cathrach.

  • Eaglais an Tùir Fhada
     

    4.4 Eaglais an Tùir Fhada

    Tógadh an eaglais Chaitliceach seo gar do dhá shainchomhartha Chríostaí i nDoire. Bhí cloigtheach mhainistir Dhoire in aice leis seo go dtí an 17ú haois agus ba mar gheall air sin a fuair Eaglais an Túir Fhada a hainm.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.5 Tobar Cholm Cille

    Tá an tobar naofa seo mar fhócas don cheiliúradh ar an 9ú Meitheamh – Lá Fhéile Cholm Cille.

  • Kilmory Knap Chapel carved graveslabs
     

    4.6 Ardeaglais Cholm Cille

    Idir 1628 agus 1633 a tógadh ardeaglais Eaglais na hÉireann Cholm Cille. Ainneoin go bhfuil stair lonnaíochta fhada ag baint leis an cheantar seo, is é seo an foirgneamh is ársa dá bhfuil ar marthain i nDoire.