7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

Tá Teampall Odhráin ar an fhoirgneamh is sine ar Oileán Í. Tógadh é sa 12ú haois agus is féidir gur mar thuama teaghlaigh do chlann Dòmhnaill, ceann de theaghlaigh cheannasacha na tréimhse, a tógadh é.

Street of the Dead © Anticath

Bhí an teampall ina fhothrach go luath sa 17ú haois agus bhí sé gan díon go luath sa 20ú haois. Rinneadh é a athchóiriú in 1957 tráth a bunaíodh Pobal Oileán Í.

Tá Reilig Odhráin ann ón 6ú haois. Ba chol ceathrar le Colmcille é Odhrán agus de réir seanchais ó dheireadh na méanaoiseanna, bhí sé sé ar an chéad duine dá chomrádaithe a bhásaigh ar an oileán agus a cuireadh anseo.

Idir an 9ú haois agus an 11ú haois, b’áit adhlactha ag ríthe í an reilig. De réir traidisiúin, tá 49 rí Albanach, 8 rí Ioruach agus 4 rí Éireannach curtha anseo chomh maith le cuid mhaith Tiarnaí de chuid na nOileán. I measc na rithe atá luaite leis an reilig tá Mac Beatha agus Donnchadh.

Orans Chapel and Graveyard © Jim Brodie

Tá cuid mhaith de na leaca uaighe a fuarthas anseo anois i músaem na Mainistreach.

 
 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.