7.4 An Clochar/ An Eaglais Dhubh

Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

Ba é Riail Agaistín a lean Beathag. Ba ar Oileán Í a bhí ceann amháin den dá chlochar Agaistineacha in Albain (tá an ceann eile i bPeairt) ach bhí cuid mhór eile in Éirinn. Is cosúil gur Éireannaigh iad cuid mhaith de na céad mhná rialta. Sa Ghaeilge, an Eaglais Dhubh a tugadh ar an chlochar, mar gheall ar éide dhubh na mban rialta.

Is féidir go raibh clochar níos luaithe ann ar oileán – Eilean nam Ban (Oileán na mBan) – i gCaolas Í atá idir an t-oileán agus Muile.

Tá an Clochar lena chlabhstra agus a theampall mar a bheadh leagan níos lú de Mhainistir Í ann. Léiríonn na hiarsmaí cad é an chuma a bhí ar an Chlochar – agus an Mhainistir – san 13ú haois. Tá na codanna caomhnaithe is fearr den eaglais le fáil ar an taobh thuaidh agus an taobh thiar.

Ar an suíomh seo an chéad lá riamh bheadh cóiríocht aíochta, suanlios, spás tionóil – an Teach Caibidle. Bhí talamh ag na mná rialta chomh maith ar an taobh ó dheas de Loch Staonaig (lochán carraige) i lár an oileáin agus ar oileáin eile in aice láimhe a bheadh mar fhoinse ioncaim acu.

Tá leac uaighe ghalánta i gcuimhne ar an Bhanphrióir Anna NicIlleathain a bhásaigh in 1543 ar taispeáint ag Músaem na Mainistreach.

 
 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.