7.7 Bàgh Chaluim Chille

Tháinig Colmcille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

Ó chósta Earra-Ghàidheal, is cosúil gur sheol sé feadh cósta Mhuile gur tháinig i dtír ar Oileán Í theas ag áit ar a dtugtar Bagh Chaluim Chille anois.

Tá dhá thrá ann - Port na Curaich - (is bád é curach a dhéantar as seithe) – agus Port an Fhir-bhrèige – agus speir carraige eatarthu. Deirtear gur tháinig Colmcille i dtír ag Port na Curaich.

St Columba's Bay © Kristin Brown

De réir scéil atá ann, mhionnaigh Colmcille, ar Éire a fhágáil ina dhiaidh, go mbunódh sé mainistir in áit nach bhfeicfeadh sé a thír dhúchais. De réir traidisiúin, ar theacht go hOileán Í dóibh, chuaigh Colmcille agus an 12 comrádaí a chuir chun farraige as Doire suas ar an chnoc ar an taobh thiar de Phort na Curaich lena chinntiú go mbeadh an naomh in ann cur lena ghealltanas. Cnoc Cùl ri Èirinn a thugtar ar an chnoc. Maítear gur fhill Colmcille ar Éirinn uair amháin ar a laghad – le freastal ar chomhdháil ag Droim Ceat – díreach taobh amuigh de Léim an Mhadaidh an lae inniu.

De réir cuntas stairiúil ar an bhá seo bhíodh dhá charnán cloch ar an trá a léirigh fad bhád Cholmcille. I dtuairisc ón18ú haois luath tá cuntas ann a mhaíonn gurb é an fad seo ‘trí scór troigh’ nó 60 troigh/18.3 méadar.

In 1963, sheol grúpa de 13 fear as Doire go hOileán Í i mbád a bhí cosúil leo siúd a úsáideadh in aimsir Cholmcille, turas a mhair 8 lá agus iad ag campáil gach oíche.

Is minic a bhailíodh oilithrigh na púróga ó thrá Bhagh Chaluim Chille. Marmar Í a thugtar ar na púróga aolchloiche bána a fhaightear in oirdheisceart an oileáin. Sa 18ú haois agus sa 19ú haois ba ghnách le turasóirí iad a cheannach ó pháistí na háite mar chuimhneachán.

Sa lá atá inniu, agus iad ar cuairt ar an oileán, tógann roinnt oilithreach dhá chloch aníos ón trá. Caitear ceann amháin acu ar ais san fharraige mar shiombail ar rud éigin ina saol ba mhaith leo a fhágáil ina ndiaidh. Tugtar an ceann eile abhaile mar chomhartha ar thiomantas nua atá déanta acu.

Thuas ar chúl Phort an Fhir-bhrèige tá sraith de 50 carn de mhéideanna difriúla. Ní lia duine ná tuairim faoi bhunús na gcarn seo – gur chairn adhlactha iad, rud is éadóiche; gur thóg manaigh iad mar phionós; nó gur chruthaíodh iad de réir mar a thugadh oilithrigh sa mheánaois cuairt ar an suíomh.

 

Le Dul Ann

Ón Mhachair agus ó Chnoc na nAingeal siúil chuig cósta theas an oileáin agus chuig dhá thrá Bhagh Chaluim Chille.

Tá an talamh garbh agus daingean. Tá coisbheart uiscedhíonach riachtanach.

Más mian leat an cosán garbh a sheachaint, tabhair d’aghaidh díreach chuig an Chabhan Chùilteach ar an taobh thuaidh den Mhachair, siar ón chnoc ar a dtugtar Dun Ì agus leathmhíle siar ón Mhainistir.

tuilleadh eolais…


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.