7.8 An Cobhan Cùilteach

Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.

I scéalta faoi bheatha Cholmcille, cuireann Adhamhnán, beathaisnéisí an naoimh, cuireann sé síos ar Oileán Í agus ar shaol na manach.

De réir Adhamhnáin,

‘Lá amháin, nuair a bhí Naomh Colmcille ina chónaí ar Oileán Í, d’imigh sé faoi áiteanna iargúlta an oileáin go bhfaigheadh sé áit uaigneach a dtiocfadh leis urnaí leis féin.’

Bhí aird riamh ag an mhanachas ar an ghá le smaoineamh domhain agus machnamh, ar leataobh ón saol laethúil. Bhíodh roinnt ceall níos lú ag manaigh agus mná rialta Oileán Í in áiteanna iargúlta an oileáin a bhí á n-úsáid mar dhíseart. Lorg roinnt manach díseart ar oileáin eile – luann Adhamhnán an manach Cormac Ua Liatháin ‘fear fíor-naofa a shaothraigh trí huaire ar a laghad ar an aigéan ar lorg dísirt, ach nár tháinig riamh ar cheann.’

Tugtar Cobhan Cùilteach ar an suíomh seo agus is é seo an áit, dar le roinnt daoine, ar ghuigh Colmcille. I gcás roinnt oilithreach go hOileán Í, cuireann an suíomh in iúl an tábhacht atá le smaoineamh agus le hurnaí aonarach, traidisiún a thug an naomh dá lucht leanúna.

Amhail roinnt mhaith áiteanna a bhfuil baint acu le naoimh agus le pearsana naofa, níl aon fhianaise stairiúil ann i leith an naisc seo.

Maítear go dtagann an t-ainm Cobhan Cùilteach ón Ghaeilge. Ciallaíonn ‘Cobhan’ bosca, cófra nó áirc’ – mar sin de is féidir gur ceall beag adhmaid atá i gceist – agus ciallaíonn ‘cùilteach’ ‘iargúlta, folaithe nó príobháideach’ agus is féidir gur díseart díthreabhaigh atá i gceist.

Hermits cell © Pleuntje
 

Le Dul Ann

Ó Bhá Cholmcille gabh siar an bealach a tháinig tú chuig an Mhachair agus tabhair d’aghaidh i dtreo chnoc Dhùn Ì. Is fáinne cloch é Cobhan Cùilteach siar ó Dhùn Ì.

Is é an tagairt eangaí 276 249.

Ó Chobhan Cùilteach siúil ar ais i dtreo an bhóthair a théann soir-siar trasna an oileáin.


 
   
  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.1 Na hArdchrosa agus an Mhainistir

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í in 563 as Doire (4.5) in Éirinn. De réir traidisiúin, bhí Colm Cille ag iarraidh áit lena mhainistir a thógáil nach mbeadh aon radharc aige ar a thír dhúchais– agus ba dá bharr sin a roghnaigh sé Oileán Í.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.2 Portmhúr, Mainistir agus Clabhstra

    Ba é an Vallum nó babhún an teorainn a bhí ag mainistir Cholm Cille ar Oileán Í. Tá sé comhdhéanta de dhá chlaífort ar an dá thaobh de dhíog dhomhain.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.3 Teampall agus Reilig Odhráin

    Siúil ‘Sráid na Marbh’ ón Mhainistir go Teampall agus Reilig Odhráin. Úsáideadh an tslí oithrigh mheánaoise seo le haghaidh mórshiúlta sochraide chuig an reilig.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.4 An Clochar/An Eaglais Dhubh

    Thóg Raghnall mac Somhairle, Tiarna na nOileán an Eaglais Dhubh, thart ar an am céanna leis an Mhainistir Bheiniditeach – sa 13ú haois. Ba é a dheirfiúr Beathag an chéad bhanphrióir.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.5 Port nam Mairtear

    Tá Port nam Mairtear suite díreach ar an taobh ó dheas den sráidbhaile agus den ché.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.6 Cnoc nan Aingeal

    De réir Adhamhnáin, beathaisnéisí Cholm Cille, is é seo an áit a bhfacthas an naomh ag bualadh leis na haingle,

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.7 Bàgh Chaluim Chille

    Tháinig Colm Cille go hOileán Í ó Earra-Ghàidheal in 563 (NASC 6.1) mar a raibh cead á lorg aige mainistir a thógáil ar thalamh leis an chlann cheannasach – Dál Riada.

  • Dunadd Fort, Argyll.
     

    7.8 An Cobhan Cùilteach

    Níl fágtha inniu de Chobhan Cùilteach ach dúshraith gharbh de bhothán ubhchruthach a bhí déanta as adhmad nó fóide. Tá aghaidh na slí isteach siar ó dheas leis an oiread de sholas an lae agus is féidir a fháil.